India, Kerala, Kochi
Kathrikadavu
Is réigiún i gcathair Kochi, i stát Kerala, an India, Kathrikadavu. Tá sé beagnach leath bealaigh idir an dá chrosbhealach mór (acomhail) i Kochi, eadhon Kaloor agus Kadavanthra. Ceantar cónaithe den chuid is mó is ea Kathrikadavu, ach le déanaí tá níos mó agus níos mó bunaíochtaí tráchtála á mbunú anseo. Téann Bóthar Kaloor-Kadavanthra, ceann de na trí artairí thuaidh-theas i gcathair Kochi trí Kathrikadavu. Ceann de phríomhbhuntáistí Kathrikadavu, is ea an éascaíocht rochtana ar cheantair eile i gcathair Kochi as seo. Tá Kaloor agus Kadavanthra ag na foircinn thuaidh agus theas de bhóthar Kaloor-Kadavanthra, agus is féidir teacht go héasca ar Acomhal Padma agus ar Bhóthar MG tríd an mbóthar Pullepady a leanúint ar an taobh thiar de Kathrikadavu. Is féidir teacht ar sheachbhóthar Thammanam agus NH47 trí bhóthar Thamannam-Kathrikadavu a leanúint i dtreo an oirthir.Source: https://en.wikipedia.org/